Author: Tuairisc.ie

Lá mór do chearta phobal na Gaeilge agus bille teanga le rith faoi dheireadh

Lá mór do chearta teanga in Éirinn an lá inniu agus bille teanga nua le rith i dTithe an Oireachtais.

Má chuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht nua i ndiaidh a hachtaithe, meastar go bhféadfadh sé cur go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Leagfaidh an bille síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, príomhsprioc an bhille nua.

Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo.

Cé go raibh an freasúra míshásta le gnéithe áirithe den bhille agus faoin easpa uaillmhéine agus spriocanna cinnte a mhaígh siad a bhain le cuid de, aontaíodh sa Seanad agus sa Dáil gur bille “níos láidre” a bhí ann i ndiaidh a aistir trí Thithe an Oireachtais.

Beidh an bille faoi chaibidil sa Dáil den uair dheireanach anocht agus leathuair an chloig curtha ar leataobh chun na seacht leasú a rinneadh air sa Seanad a phlé.

Nuair a bheidh plé na hoíche anocht críochnaithe agus dréacht den bhille curtha ar aghaidh ag Roinn an Taoisigh go dtí Áras an Uachtaráin cuirfidh Uachtarán na hÉireann a lámh leis idir 5-7 lá i ndiaidh dó é a fháil.

Fágann sin go bhféadfadh gur i mbliana a achtófar faoi dheireadh an reachtaíocht ar cuireadh tús lena plé breis is deich mbliana ó shin, nuair a d’fhógair an t-iar-aire stáit, Dinny McGinley, ag Oireachtas na Samhna 2011 go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Cuirfidh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Faoin Acht leasaithe, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

De réir fhoráil eile, beidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin.

Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt chomh maith ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

I measc na leasuithe eile a ritheadh, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Beidh dualgas reachtúil chomh maith ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Breis is 50 leasú a rinneadh ar an mBille sa Dáil agus sa Seanad. An rialtas a mhol na leasuithe go léir ar glacadh leo, ceann acu a moladh in éineacht leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.

Breis is 300 leasú a mhol Teachtaí Dála agus Seanadóirí an fhreasúra ach rialaíodh as ord go leor acu agus níor glacadh le haon cheann acu. Tharraing an freasúra siar roinnt de na leasuithe a bhí acu nuair a gheall an Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go gcuirfeadh an Rialtas leagan eile den mhéid a bhí á mholadh chun cinn.

I measc mholtaí an fhreasúra nár glacadh leo, bhí leasuithe a d’fhágfadh go bhféadfaí fíneálacha agus pionóis eile a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga. Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge.

Diúltaíodh chomh maith le linn na díospóireachta faoin mbille i dTithe an Oireachtais, do leasú traspháirtí a chuirfeadh spriocdháta cinnte leis an gcuspóir i leith seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG